Tuesday, December 8, 2009

Dinnseanchas Chluain Daimh, Cuid III

Dinnseanchas Chluain Daimh, Cuid III
Le Ciaràn Dunbar
originally published in An tUltach

Hilltown agus an Chabrach.

Roinntear an paróiste ina dhá chuid, ceantar darb ainm An Chabrach (Cabra) agus ceantar an tsráidbhaile, Hilltown. Chuir clann sasanach darb ainm Hill sráidbhaile i mbun nuair a thóg siad eaglais ag na croisbealaí i 1766. D’fhás baile timpeall ar an eaglais agus is dócha gur thug na Hills féin a n-ainm féin ar an sráidbhaile nua seo. Tá Baile Hill ar fáil ach níl ann ach aistriúcháin ón Bhéarla, d’ainneoin sin, baintear úsáid as an leagan sin i scoileanna agus ar roinnt comharthaí bóithre sa dúiche. Sular dtógadh Hilltown, tugadh Eight Mile Bridge (Droichead Ocht Míle?) ar an cheantar ina bhfuil an sráidbhaile anois, de bhrí go bhfuil droichead cóngarach de atá ocht míle gaelach as Baile Mór an Iúir.

Is é an scéal is mó a bhaineann le Eight Mile Bridge na go gcreidtear go háitiúil gurb ag an droichead seo a mharaíodh an ropaire cailiúil gaelach, Reamonn Ó hAnluain mar a luann Evans (1989, L. 6) anseo.

As befitted a borderland, the Mournes gave refuge to lawless elements and adventurers, among whom is numbered the famous Irish Tory, Redmond O’Hanlon – the Irish Robin Hood – who was killed near Hilltown in 1681.

Níl aon amhras agam go bhfuil sé ag déanamh tagairt do Eight Mile Bridge nuair a deir sé ‘near Hilltown’ agus gur scríobh sé sin cionn is nach mbeadh an logainm Eight Mile Bridge ar eolas ag mórán taobh amuigh den pharóiste.

No comments:

Post a Comment