Monday, April 29, 2013

k ʲ < > t ʲ (?)


Tá baile fearainn i bParóiste Dhomhnach Mór darb ainm Mónaidh Droma Bhrisc[1],

‘Maddydrumbrist’ an Béarla atá air.

Tá idir c ʲ agus t ʲ le fail mar fhuaimniú reatha agus léiríonn na foirmeacha stairiúla cuid mhór éagsúlacht idir an dá chosain tríd na blianta.

The local pronunciation with a final [k] deserves particular attention given the fact the official spelling ends in t as local people sometimes preserve the older pronunciation of a name. However, only two of the early forms end in k ... and it might be suggested that the original [t] has gone to [k] in the current pronunciation. The alternation between [t ́] and [k ́] is attested in the Irish of east Ulster ...[2]

An fianaise é seo go raibh ailtéarnú idir an dá chosain sa chanúint áitiúil?

Bhí an feiniméan céanna, ag tús focal, le fáil i nGaeilge Ard Mhacha Theas[3] agus i nGlinntí Aontroma[4].

Tá an t-athrú seo le fáil i nGaeilge Mhanainn ar ndóigh, mar shampla - ushtey (i. uiste < uisce).


[1] PNI, vol 1.pp 104-105
[2] PNI vol. 1, pp 104-105
[3] Sommerfelt, l. 124.
[4] Holmer, l. 21-22.

1 comment:

  1. GRMA 's teach taisce an suíomh seo domsa; do rugadh sean-seanathair ag m'athair féin i Guthard i 1823. Is an-bhrodúil atáimse as! Maidhc Ó Riabhaigh, Learpholl.

    ReplyDelete