Showing posts with label The Clonduff Story. Show all posts
Showing posts with label The Clonduff Story. Show all posts
Monday, December 7, 2009
The Clonduff Story
Today in Clonduff everyone knows the Clonduff Story from school or from the cover of the book of the same name but does anyone have an authentic version from the oral tradition, i.e. uninfluenced by school or a written source, if so, get in touch through this site.
Friday, August 21, 2009
Dinnseanchas - Scéal Chluain Daimh

Nuair a tháinig na manaigh Críosta chuige Cluain Daimh chuaigh siad i mbun oibre ag tógáil séipéil i mbaile fearainn a dtugtar Baile Uí Eacháin (Ballyaughain) air anois, i gceantar a thugann muid Sean-Chluain Daimh (‘Oul Clonduff’) air.
Ba ghnáth le damh teacht aníos as Gleann na bhFiadh, thuas sna Beanna Boirche, gach aon oíche chun an séipéal seo a leagain áfach, agus d’éiríodh leis ar feadh tamaill.
Deirtear gurb sean-draoi a raibh corraí air mar gheall air theacht an chreidimh úir a bhíodh a chur.
I ndiaidh tamall áfach, tharla sé gur éirigh le manach misneach óg an damh a thiomáil ar shiúil ón tséipéal. Thiomáil sé é thart fá leath mhíle i dtreo na sléibhte agus stop sé ansin, chuir sé a mhaide a bhí leis sa talamh is chuir sé cuireadh comhraic dhúshlánaigh roimhe leis an damh gan a theacht ar ais thar an áit a bhí an maide curtha aige choíche agus cha dtáinig an damh ar ais.
D’fhág an manach a mhaide mar chomhartha san áit ar chuir sé é sa talamh agus d’imigh sé leis. D’fhan an maide ansin ach chuir sé fréamh as agus d’fhás sé agus lean sé ag fás fríd na cianta.
Tá crann ag fás go seadh i lár goirt in áit a dtugtar Bushtown anois air agus creidtear gurb ionann an crann seo agus an maide a cuireadh ann míle bhliain go leath ó shín.
Subscribe to:
Posts (Atom)