Sunday, October 2, 2011

Staid na logainmneacha sna Beannaí Boirche inniu

Is cinnte go bhfuil tionchar ag an leagan scríofa ar an dóigh a deirtear na logainmneacha inniu agus go bhfuil an tionchar seo ag méadú de réir a chéile.

Mar shampla, cluintear /
sli:v mok/ (Slieve Muck) go minic ag lucht siúil ach /ʃlʲə ˈmok/ a bíos ag feirmeoirí Chluain Daimh ar Shliabh Muc sna Beanna Boirche.

Is líomhaire lucht siúil ná daoine a oibríonn sna sléibhte anois, mar sin, is dócha go bhfuil fuaimnithe seo atá leathbhealaigh eadar an Ghaedhilg agus an Bhéarla ag dul i léig.

Níos mó samplaí ar ball.

An raibh tú riamh san Beannaí Boirfe?

‘ch’ > /f/ - 'Na Beannaí Boirfe!'

De réir an fhianaise atá ar fáil i bhfoirmeacha stairiúla den logainm, is dócha gur dúradh ‘Beannaí Boirafe’ seachas Beanna Boirche nuair a bhí an Ghaeilge le cloisteáil i nDeisceart an Dúin.

(1) déantar an iolra de bheann le ‘aí’
(2.) tá gúta cúnta le cloisteáil tar éis an ‘r’ in ‘Boirche’ mar a bheifeá ag súil leis.

(3.) agus, déantar ‘f’ nó /
ɸʲ/ as ‘ch’ nó /ç/

Mar atá le feiceáil ins an t-ainm ‘Murphy,’ Mac (nó Ó) Murchaidh ach a bhí foghraithe mar ’A’ Mhurfaí i nGaeilge Ard Mhacha.

Sampla eile ná ‘Dunphy’ < Donnchaidh.

Sunday, September 25, 2011

Fianaise sa bhreis ar Ghaeilge an Dúin.

Sa 'Brief Rules for reading this little book' (An Teagasg Críosdaidhe Angoidhleig*), míníonn Séamas Mac Póilin (James Pulleine) ....

"mh as v consonant, Ex. a mhathair, a mother is read a vathair."


* Níl an leabhar féin agam faraor, má tá sé scannáilte ag duine ar bith bheinn fíorbhuíoch cóip a fháil.

Na 'Deich' nAithneataí i nGaeilge an Dúin

Click here for a 'Google Translation'

Seo leagan Chontae an Dúin den na deich n-aitheanta (עשרת הדברות). Tagann sé ó 'An Teagasg Criosdaidhe angoidhleig' leis an Urramach James Puilleine (Séamas Mac Poilin).

Ar ndóigh, níl ann ach ochtar acu!

Creidim andia go glann glann.
Na tabhair ainm De gan adhbhar,
Coimheid an tsaoire mar is coir.
Tabhair dod athair onoir
Na deana marbhadh goid no druis,
Na fiaghnaise bhreige ar aon chuis
Na santaighe nidh nach leachd* fein'
Bean clann duine eile no airnighis.

Leagan caighdeánaithe

Creidim i nDia go glan glan.
Na tabhair ainm Dé gan ábhar,
Coimhéad an tsaoire mar is cóir.
Tabhair dod athair onóir
Na déan marbhadh goid no drúis,
Ná fianaise bhréige ar aon chúis
Na santaigh ní nach leat féin,
Bean clann duine eile nó áirniéis.

Saturday, September 10, 2011

Roinnt pointí maidir le Foclóir Ghaeilge an Dúin

Roinnt pointí maidir leis an fhoclóir.

Canúint de chuid Gaeilge Oirthear Uladh agus ar ndóigh is cinnte go raibh an foclóir a bhí le fáil i gContae an Dúin iontach cosúil leis an fhoclóir a bhí le fáil in Oirialla.

Seo roinnt focail as Gaeilge an Dúin ...

Crú, m. 'a pen, for sheep of pigs' (< G. cró)

Cruadal, m. 'conversation' (< G. comhluadar)

Cudromacht, 'equality' (cf. G. cothrom)

Cronc, 'hill' (< G. cnoc)

Geillic, f. 'earwig'

Iomadaí, in phrase an iomadaì 'too many'

Sobaidh, 'overbold, hasty, reckless'

Tocht!, 'silence'

Foclóir ó ‘An Introduction to the Irish Language’.

Tá focail agus abairtí in ‘An Inroduction to the Irish Language,’. Is cinnte liomsa gur léirítear gnéithe d’fhoclóir Chontae an Dúin mar a bhí sa leabhar tábhachtach seo.

Seo roinnt focal is nathanna cainte spéisiula ón leabhar is féidir linn a rá gur Gaeilge Oirthear Uladh iad.

Bheirim mo dheimhin duit, (deimhním duit), fuirigh go fóill (fán go fóill), gan fhuireach (gan mhoill), ag fuireacht (ag fanacht).

‘Cnonc’

Ar ndóigh, deirtear [croc] i nGaeilge an Tuaisceart seachas [knuk] i nGaeilge an Deiscirt. Is féidir gur tháinig forbairt eile ar an fhocal i nGaeilge Chontae an Dúin.

In alt darb ainm ‘Gaeilge Chontae an Dúin Theas’ leis An tAthair Brian Mac Thréinfhir deir sé...

‘Cronc’ an fhuaim a bhí coitianta go leor sa chuid theas den dá chontae ar an fhocal ‘cnoc’.

Tugann sé na samplaí seo a leanas mar fhianaise, ‘Cronc a’ Phota,’ agus ‘Croncan Corr.’ Caithfear admháil nach raibh mé ábalta ceachtar acu a chinntiú ach tá samplaí eile le fáil cé go dtugaim faoi deara go ndeir sé féin ‘the form Kronkavota was noted from one person only and may be spurious’[1].

Ar ndóigh ‘cronk’ /kronk/ atá i nGaeilge Mhainnín. Tá sé le fáil i nGaeilge Aráinn na Alban chomh maith[2].

‘Seo dhuit seo’

I nótaí tá ‘shŏwitchshough’

Cé nach bhfuil i gceist anseo ach giota, taispeántar dúinn go ndúradh ‘Seo dhuit seo’ seachas ‘Seo duit seo’. Ní rud mór seo ach is rud a thig linn a bheith measartha cinnte faoi.

‘shŏwitchshough’[3]

Tá an Dr. Ciarán Ó Duibhín den bharúil gur ‘Seo dhuit seo’ atá i gceist anseo agus tá mé ar aon fhocal leis[4].

Tulach > Tulaigh

Tá fianaise ann go ndúradh tulaigh seachas tulach i nGaeilge Dheisceart an Dúin mar atá le feiceáil sna samplaí thíos.

Tullybrannigan (Tulaigh Uí Bhranagáin), Tullymore, Tullymurray, Tullylish (Tulaigh Lis), Tullyframe

An tuiseal tabharthach ag glacadh áite an tuisil ainmnigh. Is cosúil an cás seo agus an dóigh ar ghlac an focal toigh áit an fhocail teach i nGaeilge Oirthear Uladh i gcoitinne.

Caithfear a bheith cúramach áfach, cuimhnítear go raibh ‘ch’ iontach lag i nGaeilge Chontae an Dúin, má bhí sé ann ar chór ar bith agus is fíor a rá go bhfuil go ndeirtear Tullalish taobh le Tullylish go fóill.



[1] Treanor, Rev. Fr. B., Some Field-Names in the Burren District of South Down, L. 43

[2]

[3] Ó Duibhin, Dr. Ciarán. L. 472

[4] Comhrá pearsanta.