Dinnseanchas Chluain Daimh, Cuid II
le Ciaràn Dunbar
Originally Published in An tUltach
Scéal Chluain Daimh (Sean-Chluain Daimh, Bushtown agus Baile Uí Eacháin)
Is dearfa an rud é go dtéann an logainm Cluain Daimh, nó leagain cosúil leis chomh fada siar leis an bhliain 1170. Tá sé le fáil i Félire Huí Gormáin (ed. Whitley Stokes, London, 1895, L. 246-247) mar ‘Clúana Dáimh’ agus déantar tagairt dó in The Martyrology of Donegal (trans. John Ó’Donavan, BÁC 1864, L.348) ina bhfuil fianaise ag baint an naomh Mochummocc nó mo Commóc leis an áit.
Mochummocc, cluana daimh, i nUibh Eabhach Uladh
Tá ‘Scéal Chluain Daimh’, an dinnseanchas a mhíníonn stair an logainm ar eolas ag beagnach gach aon duine sa pharóiste. Tá gach seans ann gur mhair an scéal seo i seanchas na háite le beagnach míle bhliain. Seo an scéal de réir mo chuimhne phearsanta féin. Cé gur minic a chuala mé an scéal seo ó bhéal, rinne muid staideár ar an ris ar scoil agus tá leagan scríofa ar fáil, sa chaoi sin, ní thig liom a rá go cinnte nach bhfuil mé ag teacht faoi anáil an leagain scríofa. Cibé ar bith, ba i mBéarla a chuala mé an scéal.
Bhí dream Críostaí ag tógáil séipéil i mbaile fearainn a dtugtar Baile Uí Eacháin (Ballyaughain) air anois, i gceantar a thugann muid Sean-Chluain Daimh (‘Oul Clonduff’) air. Faraor, ba ghnáth le damh teacht aníos as Gleann na bhFiadh, thuas sna Beanna Boirche, gach aon oíche chun an séipéal seo a leagain agus d’éiríodh leis ar feadh tamaill. Deirtear gurb sean-draoi a raibh corraí air mar gheall air theacht an chreidimh úir a bhíodh a chur. I ndiaidh tamall áfach, tharla sé gur éirigh le manach misneach óg an damh a sheoladh ar shiúil ón séipéal. Sheol sé é thart fá leath mhíle i dtreo na sléibhte agus stop sé, chuir sé a mhaide a bhí leis sa talamh ansin is chuir sé cuireadh comhraic dhúshlánaigh roimhe leis an damh gan a theacht ar ais thar an áit a bhí an maide curtha aige choíche agus cha dtáinig an damh ar ais. D’fhág an manach a mhaide mar chomhartha san áit ar chuir sé é sa talamh agus d’imigh sé leis. D’fhan an maide ansin ach chuir sé fréamh as agus d’fhás sé agus lean sé ag fás fríd na cianta. Tá crann ag fás go seadh i lár goirt in áit a dtugtar Bushtown anois air agus creidtear gurb ionann an crann seo agus an maide a cuireadh ann míle bhliain go leath ó shín.
Seo gearrleagan eile den scéal ar bhailigh Emyrs Evans (1989, L. 204), i mBéarla atá sé ar ndóigh.
The time they were building Clonduff Chapel long ago a bull used to come every night and knock down all they built the day before, till at last the priest stuck his stick in the ground and said: ‘you will hardly come past that!’ And the bull never come, and the stick took root and grew into fairy thorns.
Ba choir dom a lua go bhfuil crann ann san áit seo go fóill agus chan fheil aon amhras ann go bhfuil sé an sean amach is amach. Sceach gheal atá ann. Chan amháin go bhfuil an crann seo an sean ar fad ach tá traidisiúin sa cheantar a bhaineanns leis an slua sí é chomh maith mar a dhéantar tagairt do sa sliocht seo as scéal sí a bhailigh an Dr. Francis McPolin i gCluain Dáimh sna daicheadaí (1963, L. 86).
A certain farmer known as Atty Jack, had his home not far from the fairy settlement in Bushtown, in the townland of Ballynanny.
Tá sé spéisiúil go bhfuil an seipeal ann go fóill cé nach bhfuil ann ach ballóg anois, cibé rud a tharla dó. Níor éirigh liom aon fhianaise stairiúil a aimsiú i dtaca leis an eachtra seo ach dar le traidisiúin béil na háite, bhí baint ag Oliver Cromwell le scriosadh an séipéil. Tá sé seo le feiceáil sa sliocht seo ón tAthair Keenan, níor léirigh sé a fhoinse agus creidim mé féin go caithfear tarraingt as sin gur chuala sé an scéal as bhéal dhuine éigin (1941, L.7).
The old catholic church in Ballyaughian is believed to have been destroyed in 1642 by the Scotch army under General Monroe, who ravaged Iveagh in that year, “burning all the houses and corn before them and carrying off great spoyle’’.
Pé scéal é, baineadh úsáid as an chill féin arís i 1744 nuair a cuireadh Eoghán Ó Néill, ‘do shíoluigh ar threabha tighearnadh uasal airdchéimeach Chlann Aodh Bhuídhe’ (Ó Doibhlín, 2000, L. 46), a bháigh i linn darb ainm ‘The Mill Pool’ in Abhainn an Bhanna cóngarach don Droichead Ocht Míle.
Maidir leis an damh féin, tá an Dr. Micheál Ó Mainnín (1993, L. 74) cinnte go gciallaíonn an focal damh beithíoch fireann sa chás seo. Go dearfa, mar atá le feiceáil sa leagan ar thaifead Evans thuas, tuigtear sa cheantar mar sin chomh maith. Tá sé suntasach áfach, go gciallaíonn an focal damh, fia fireann chomh maith, go háirithe sa teanga níos sine (Féach Dineen, L. 305). Chomh maith leis sin, creidtear gur tháinig an damh ó Ghleann na bhFiadh, tá seans ann mar sin, go bhfuil an bunús sin, gur fia fireann a bhí i gceist, leis an scéal.
No comments:
Post a Comment