Saturday, August 4, 2012

Suirbhé ar thithíocht thraidisiúnta Chluain Daimh, teach 4


Teach 4.
Áit: Lag an Bheithe, Baile an Eanaigh, Cluain Daimh.
Dáta an tSuirbhé: 4th Nollaig 2005



  • Tá an teach marcáilte ar an léarscáil 1:25,000 de chuid an OSNI.



  • Níl aon doras cúil ann.
  • Níl díon ar bith fágtha ar an theach.
  • Níl ach fuinneog amháin ar chúl an tí.
  • Tá trí fhuinneog ann.
  • Is léir go raibh lochta ag an teach le fuinneog beag i mballa an phinniúir.




Sunday, July 22, 2012

"Condae an Dúin" - Béarlachas?


I saol na linne seo, deir Gaeilgeoirí "Contae an Dúin", "bhí mé i gContae an Dúin", "Is as Contae an Dúin mé" agus mar sin de.


Ach arbh fhéidir gur Béarlachas é seo?


Tá rogha eile ann. 

'Na Beannaí Boirfe'


Tá leideanna in Neilson in 'An Introduction to the Irish Language' "i nDún" a dúradh go minic, gan an focal 'contae' 

Mar shampla ...


"Bhí mé i nDún"


Ach  is coitianta "Condae an Dúin" sa leabhar mar sin féin.

Lena chois sin, tá líntí suimiúla ann san amhrán  'Cailín as Contae Lú'.

"Cha rabh mo spéis ariamh in bhar nDún"


In leagan eile den amhrán, tá sampla eile ann ...


"Nuair a bhíonn fáilte sa Dún do gach uile dream"


Thursday, July 19, 2012

Teach yourself County Down Irish!

Teach yourself County Down Irish!

How? Well, there is actually a text book!

"An Introduction to the Irish language" by the Rev. William Neilson, although much of it was probably written by Loughinisland scholar, Pádraig Ó Loingsigh / Patrick Lynch. The first edition was published in 1808.

The book is available in full on Google Books, HERE.

To what extent does the book represent vernacular County Down Irish?

It is of course a pre-standard Irish book, but it some ways it is remarkably 'standardised', for example, the usage of the negative particle 'ní' instead of 'cha'.


It is very certainly quite similar to Oriel Irish but  it contains little 'patois'.


It does contain a number of words ad phrases however which we must assume to be authentic County Down Irish.


In short, Neilson's grammar is based on the Irish of County Down, likely to be Pádraig Ó Loingsigh's own dialect but the Irish is 'corrected' to an extent with regards to dialect-isms, in addition, it appears to contain a degree of classicalisms, added for effect. 

Saturday, June 16, 2012

Réamhshuirbhé ar thithíocht thraidisiúnta Chluain Daimh, cuid 3.


Teach 3.
Áit: Lag an Bheithe, Baile an Eanaigh, Cluain Daimh. 
Dáta an tSuirbhé: 4ú Nollaig 2005



  • Tá an teach marcáilte ar an léarscáil 1:25,000 de chuid an OSNI.
  • Tá dhá sheomra ann.
  • Ní raibh ann ach doras amháin.



  • Níl eolas agam go fóill faoi cé bhí ina gcónaí ann nó cá huair a thréigeadh é.


  • Tá dhá theallach ann (a) teallach mór sa cistín agus (b) ceann níos lú sa seomra leapa.



  • Tá dhá fhuinneog ar an dá thaobh den príomhdhoras agus tá dhá fhuinneog beaga ann ar an taobh chúl den teach.
  • Tá dhá fhortheach tógtha ar an dá thaobh den príomhtheach.
  • Is léir go bhfuil an teach déanta as cloch, eibhear áitiúil ach tá sé clúdaithe le dóib.


Gaeilge Chluain Daimh, ‘abha’ - /o:/



An Abhainn Ghlas, Cluain Daimh
Léiríonn an fhianaise atá ar fáil dúinn gur /o:n/ an fuaimniú a bhí ar an fhocal ‘abhainn’ i nGaeilge Chluain Daimh.

Tá dhá shampla ar fáil ón pharóiste, ‘Ballycoshone’ / Baile Cois Abhann[1] 'townland beside a river' agus ‘Owenglass’/ An Abhainn Ghlas.

Molann Lárchanúint na Gaeilge /aunʲ/ mar fhuaimniú ar ‘abhainn’[2].

Is féidir glacadh gur /oː/ a bhí ar ‘abha’ sa dúiche seo mar sin.




[1] Ó Mainnín, M. B. Place-Names of Northern Ireland series, ed. Gerard Stockman, Institute of Irish Studies, vol. III, 1993
[2] An Foclóir Póca (An Gúm)

Some Kilbroney Surnames

Most common surnames in Kilbroney parish in 1863-4.


Surname (Households)
Cill Bhrónaí


Feran (37) - from the Irish Ó Fearáin. More commonly anglicised as Fearon today. Fearán appears to mean 'small man'.


Morgan (37) Ó Muireagáin. Can be a Welsh name but it can been used to anglicise a number of Irish surnames including Ó Murcháin agus Ó Muireagáin. The evidence points to Morgan being used to anglicise Ó Muireagáin in South Down and in South Armagh. Pron. "ă mŭr′-ă-Găan" in S Armagh (SÓhA via Ó Duibhín).


Sloane (28) From the Irish Ó Sluagháin (now written Ó Sluáin). Sloan is also a 'Scottish' surname but is ultimately in that case of Irish extraction. The name Sluaghán signifies 'hosting or army' (MacLysaght).  


Murphy (18) From the Irish Mac Murchaidh, meaning 'son of Murchù'. Murchù means 'sea warrior / hound'.


Farrell (15) From the Irish Ó Fearghail. Fearghal means 'man of valour'. 


McGivern (15) From the Irish Mag Uidhrín (a diminutive of Mag Uidhir - Ó Duibhin)


Treanor (14) - From the Irish Mac Tréinfhir. Mac Tréinfhir means 'son of the strong man'. 


White (14) - Probably an anglicisation of Gaelic name but without further evidence it is difficult to say which and to speculate would be counter productive.


Hughes (12) - In Down, Hughes has been used to anglicised Mac Aodha 'Son of Aodh'.


Brennan (11) - From the Irish Ó Branáin

Saturday, May 19, 2012

Gaeilg Chluain Daimh - Siomás agus Siomaí


/e:/ > /i/

Bhí fuaimniú ar leith ag an ainm Séimí agus Séamus go dtí le déanaí i gCluain Daimh, Siomaí agus Siomus seachas Séimí agus Séamus. 

Bhí an fuaimniú seo le fáil i nGaeilge Thír Eoghain chomh maith[1]


[1] Stockman, G. Gaeilge Thír Eoghain, Lochlann 1966


Friday, May 4, 2012

Some Mourne Surnames

Most common surnames in 'Kilkeel' in 1863-4

Surname (Households)

Cunningham (180), A Scottish surname but one used widely to Anglicise Gaelic surnames, as most certainly in the case here. In South Armagh Cunningham seems to be an Anglicization of Ó Cuinneagáin, [Pron. ă Kŭn′-ă-Găan or Kŭn′-ă-hăn (S Armagh, SÓhA) (Duibhín)]. Interestingly however Bell states that in South Down "the MacDonegans changed first to MacConegan and then to Cunningham". This would indicate a development form an Irish Mac Donnagáin > Mac Dhonnagáin > Mac Connagáin > Cunningham. Donnagáin mean 'small brown (haired) person.'

Sloane (143). From the Irish Ó Sluagháin (now written Ó Sluáin). Sloan is also a 'Scottish' surname but is ultimately in that case of Irish extraction. The name Sluaghán signifies 'hosting or army' (MacLysaght).  


Doran (62) From the Irish Ó Deoráin. Deorán means 'exiled person' (Bell).

Rogers (56). An anglicisation for the Irish Mac Ruairí. Rodgers was alternatively anglicised in the Mournes as McCrory within living memory.

Hanna (49). From the Scottish Gaelic, Ó hAnnaidh. One of the few Scottish Gaelic names to take the prefix 'Ó' meaning grandson or descendent rather than 'mac'.

Quin (44) From the Irish Ó Coinn. [Pron. Klin (or Klan) wee CHŭn for "The Quinns" (Clann Uí Chuinn) (S Armagh, SÓhA) Duibhín]

Moore (38). Can be of Irish origin but that is unlikely in this case.

Rooney (35), From the Irish Ó Ruanaidh, Ó Ruanadha in South Armagh ["Pron. ă roo′-noo (S Armagh, SÓhA) - Duibhin] but very much a Co. Down name.

McCartan (31) From the Irish Mac Artáin. Artán means little Art.

Wilson (30). An English name. Gaelicised Bhulsan by Irish speakers.

Wednesday, April 11, 2012

Gaeilg an Dúin - ‘Oileán Partán’

Is suimiúil go bhfuil ‘Parton Island[1] ann i Loch Cuan. Oileán Partán ‘Island of the Crabs’ is bunús leis.

Seans mór mar sin go raibh an fhoirm ‘partán’ ann sa chanúint seachas ‘portán’ atá sa chaighdeán inniu[2].

Partán atá le fail i nGaeilge Mhainnín agus i nGaeilge na hAlbain.


[1] AJ Hughes and RJ Hannan, Place-Names of Northern Ireland , County Down II, The Ards, General ed. Professor Gearóid Stockman: Vol, 2 (1992) l. 22-23
[2] Ibid.

Sunday, March 18, 2012

Gaeilge Chluain Daimh : ‘o’ - /u/


Tá dhá mhion-logainm speisialta i bParóiste Chluain Daimh (bailithe agam féin más buan cruinn mo chuimhne).


Is iad Lugagour (Log an Ghabhair / Lag a’ Ghabhair) agus Lugaveagh (‘Log a’ Bheithe’?).


Léiríonn an litriú Béarla, a chum mé féin orthu, ar an ábhar nach raibh Gaeilge ag an té ar thug dom iad, gur /u/ an fhuaimniú a bhí leis an ghraiféim (grapheme) ‘o’ i nGaeilge an cheantair.


Is é sin le rá gur /luɡ/ an fhuaimniú ar ‘log’.

Friday, March 9, 2012

Trí ‘Sliabh’ na mBeann Boirche


Cosúil le Gaeilge Oirialla, is dócha gur /ʃl­ʲeuw/ /ʃl­ʲeuβʲ/ an fhuaimniú ar ‘Sliabh’ i gContae an Dúin de ghnáth ach tá fianaise ann go bhfuil dhá fhuaimniú eile ann chomh maith.


Dar ndóigh, baintear úsáid as an fhuaimniú Béarla ‘slieve’ /sli:v/ go coitianta inniu.


Tá sé suimiúil áfach go mbaintear úsáid as an fhuaimniú /ʃlʲə/ i gCluain Daimh go traidisiunta nuair atá ainm shliabh i gceist, mar shampla, deirtear Sli’ Muc.


Ach bhí / tá fuaimniú eile ann nuair atá an fhocal ‘sliabh’ mar chuid de logainm comhtháite ar nós Crotleive (Crotshliabh), Finlieve (Fionnshliabh) agus Shanslieve (Seanshliabh).


Deirtear iad go tradisiúnta mar Crotlie /crat'li:/[1], Finlie agus Shanlie.


Mar sin tá an fhuaimniú /li:/ le ‘shliabh’ sa cás sin.



[1] P135