Saturday, October 22, 2011

Réamhshuirbhé ar Thithíocht Thraidisiúnta Chluain Daimh 2

Teach 2.

Áit: Grugán Sceiche, Mullach Mór, Cluain Daimh.

Dáta an tSuirbhé: 4ú Nollaig 2005

  • Tá an teach marcáilte ar an léarscáil 1:25,000 de chuid an OSNI.
  • Tá dhá sheomra ann.
  • Ní raibh ann ach doras amháin.
  • Níl eolas agam go fóill faoi cé bhí ina gcónaí ann nó cá huair a thréigeadh é.

  • Tá dhá theallach ann (a) teallach mór sa cistín agus … (b) ceann níos lú sa seomra leapa.

  • Tá dhá fhuinneog ar an dá thaobh den príomhdhoras agus tá dhá fhuinneog beaga ann ar an taobh chúil den teach.

  • Tá an teach tógtha thíos i lag beag ar scáth chnocáin bhig.
  • Tá an díon déanta as bileoga stáin.

Réamhshuirbhé ar Thithíocht Thraidisiúnta Chluain Daimh 1

(Clonduff Venacular Housing survery As usual, I welcome all addition information)

Teach / Foirgneamh 1.

Áit: Bann Lane, Mount Quarter, Baile na Machaire, Cluain Daimh.

Dáta an tSuirbhé: 2ú Nollaig 2005

  • Tá an teach marcáilte ar an léarscáil 1:25,000 de chuid an OSNI.
  • Níl sé soiléir más teach cónaithe a bhí ann nó más teach do na beithigh amháin a bhí ann.
  • Ní raibh ann ach seomra amháin.
  • Ní raibh ann ach doras amháin

  • Tá sé déanta as cloch – eibhear áitiúil atá ann. Tá na ballaí uilig ann go fóill cé gur thit cuid de phinniúr amháin síos ar na mallaibh. Dá bhrí sin áfach thig linn a fheiceáil go bhfuil an teach déanta as clocha móra ar an taobh amuigh agus clocha beaga ar an taobh istigh mar a fheictear sa phictiúir. Baineadh úsáid as moirtéar.
  • Níl ann ach fuinneog fíorbheag amháin.

  • Níl aon simné le mothú anois.
  • Níl aon teallach le mothú.
  • Tá díon úr air.

Saturday, October 15, 2011

Roinnt Mion-Logainmneacha Chluain Daimh

Roinnt Mion-Logainmneacha Chluain Daimh

Bailithe ag Ciarán Dunbar

[This is a short collection of minor-names, i.e sub-townland place-namesin the parish of Clonduff, Co. Down. I would hope to continue to collect more minor names in the future - I welcome any input as the 'great silence' which has robbed the memory of Ireland is in its final stages in Clonduff. Many of these minor names have been remembered rather than recorded from use. Even the townland names, protected to a point by being legal entities are falling out of use with only post-codes and nonsence to take their place. The article is in Irish, I hope to publish a translation in the future.]


Is éard atá i gceist sa bhailiúchán seo ná liosta logainmneacha a bhailíodh i gCluain Daimh, Co. An Dúin ach nach bhfuil le fáil ar leárscáil 1:25 000 de chuid Ordnance Survey of Northern Ireland. Tá taifead déanta ar na bailte fearainn cheánna agus níor bhac mé leo mar gheall air sin.


Foinsí (leis an údar, Ciarán Dunbar)


Níl an liosta seo i ndóigh ar bith críochnaithe agus níl i gceist ach sampla. Chomh maith leis sin tagann an chuid is mó de na mion-logainmneacha sa liosta seo as baile fearainn amháin, Baile na Machaire.


In amanna, ní raibh na faisnéiseoirí ábalta a inse dom cé baile fearainn ina bhfuil na háiteanna sa liosta seo. Baintear an úsáid as bailte fearainn i gCluain Daimh go fóill ach tá dearmad déanta ag cuid mhór daoine faoin teorainneacha atá acu.


Is cinnte go mbeidh sé riachtanach tuilleadh obair a dhéanamh ar an eolas seo go leor.


  1. Murphy’s Pool . (Liatroim / Baile Uí Eacháin)

Ní bhaintear úsáid as an linn seo anois de bhrí nach bhfuil sé chomh domhain is a bhí ach insítear dom gurbh é an linn seo an linn is fearr fá choinne an snámh ar an abhainn daichead bhliain ó shín.

  1. The Pit . (Baile na Machaire / Baile Uí Eacháin)

Linn Snámh domhain atá ann.

  1. The Red Bank . (Baile na Machaire)

Banc mór ard atá ann, suite faoin príomhbhóthar chuig Cill Chaoil. Níl casán ar bith ar an bhanc seo agus is léir go dtig an t-ainm ón dath a bhíonn air san Fhómhair.

  1. The Dummy Pool (Baile na Machaire) .

  1. The Mill Pool (Baile na Machaire) .

Baintear an-úsáid as an linn seo mar linn snámha agus mar áit iascaireachta cé gur mbaineadh úsáid as chun rotha an mhuilinn a thiomáin tráth dá raibh.

  1. The Molly River (Baile na Machaire / Carr a’ Chuilinn) .

  1. The Glack (: An Glac) (Beanna Boirche, Baile an Eanaigh) .

Ba é Paul Shields, Guthard, Cluain Daimh a d’inis dom fán logainm seo atá idir Sliabh na Circe agus Sliabh a’ Choiligh. Is cinnte go dtig sé as an focal Gaeilge glac.

  1. ‘Lyndseys (Mountain)’ (Mullach Mór / Cleomack & Corr Mhín i gCluain Dalláin).

Grugán Dubh (Gruggandoo) agus Grugán Scéach (Grugganskeagh) a bhí ar an dá bheann seo ach anois, tugtar Lyndsey’s Mountain ar an shliabh ar fad.

Dúradh liom go mbaineann an sloinne Lyndsey le tiarna talún.

  1. Leitrim Lodge, ‘Johnstons’ (Liatroim) .

Téann daoine chuig an lóiste seo le linn an tsamhraidh de bhrí nach bhfuil an abhainn domhain agus mar sin tá sé measartha slán do pháiste a bheith ag súgradh ann. Tugtar an dá ainm ar an cheantar. Is é Johnston an sloinne atá ar an theaghlach ar leo Leitrim Lodge.

  1. The Mount (Mount Quarter, Baile na Machaire) .

Tá ‘Motte’ le fáil ar an léarscáil ach tugtar The Mount air sa dúiche. Dún measartha mór atá ann agus creidtear gur thóg na Normannaigh é.

  1. Bannvale (House) (Baile na Machaire) .

Is teach mór é seo ar le muintir Mussen anois ach ba le clann Aodh Bhuí Uí Néill an teach seo tráth dá riabh.

  1. Mussen’s Corner (Baile na Machaire).

Is é seo an áit a bhfuil Bannvale House. Is leis na Mussens Bannvale House go fóill. Tháinig siad chuig Cluain Daimh nuair a dódh amach as Droim Mór (An Dún) ag tús an chéad seo caite.

  1. The Wee Point (Baile na Machaire) .

Páirc fíor bheag atá ann atá idir tús The Bann Lane, Abhainn an Bhanna agus Bhóthar Caisleán a’ Mhuilinn. Maidir leis an cruth atá air, níl sé triantánach fiú. Mar sin de, tá sé iontach doiligh a shamhlú gur cumadh an logainm i mBéarla de bhrí nach bhfuil cosúlacht ar bith ann le ‘point’ ar bith. Bheinn den bharúil gur dóiche gur aistriúchán é an ainm seo ó Rinn/Rann na Gaeilge.

  1. McCracken’s (Hilltown, Carr a’ Chuilinn) .

Is ionann ‘McCracken’s’ agus teach mór an thiarna talún. Ba le teaghlach darbh ainm McCracken go dtí le deanaí. Tá an teach mór seo ar imeall an tsráidbhaile, tá ballaí mór thart air. Creideadh páistí an bhaile go raibh taibhsí sa teach seo i gcónaí.

  1. Pat Kearney’s Big Stone (Guthard) .

Tá ‘Goward Dolmen’ le fáil ar an léarscáil ach ní thugtar ach Pat Kearney’s Big Stone ar an cromlech seo sa cheantar. Bhí teach beag ag fear darb ainm Pat Kearney in aice leis an chromlech seo ag tús an cheid seo chaite.

  1. “The Backroad to Rostrevor” (Liatroim) .

Tá dhá bhóthar idir Ros Treabhair (Caisleán Ruairí) agus Cluain Daimh. Tugtar ‘The Back Road’ ar an cheann níos sine. Taobh leis an bhóthair seo tá céis atá níos sine arís ag dul chuig Caisleán Ruairí.

  1. St. Patrick’s Lane (Baile na Machaire)

Creidtear gurb ionann an bóthar seo agus an sean-bhóthar chuig Dún Pádraig agus gur shiúil Naomh Pádraig é féin ar an bhóthair seo agus é ar a bhealach chuig Dún Pádraig.

  1. The Bann Lane (Baile na Machaire) .

  1. The Bann Lonan (Baile na Machaire).

Is focal Albainis é Lonan agus bóithrín is ciall dó.

  1. The Mill Gap (Baile na Machaire).

Is é seo an áit a bhuaileann The Bann Lonan le Bóthar Chill Chaoil. Ba mhuileann lín anseo suas go caoga bhliain ó shín ach is garáiste anois é.

  1. Old (Oul) Clonduff (Baile Uí Eacháin) .

Is é seo an ceantar inár tharla na heachtraí a bhaineann le Scéal Chluain Daimh, an dinnseanchas ab chúis leis an ainm Cluain Daimh.

  1. The Rushy Fields (Bann Lonan, Mount Quarter) WD

Ar ndóigh, is páirceanna iad seo atá iontach luachrach.

  1. Mussen’s Meadow (Baile na Machaire) WD.

Is é seo an áit a bhfuil páirceanna imeartha C.L.G ann anois idir an bhóthar go Caisleán Uidhilín agus Abhainn an Bhanna.

  1. The Bunk (House) (Bann Lonan, Baile na Machaire) WD.

Teach beag bídeach a raibh siléar aige ag taobh The Bann Lonan. Bhí ranganna Gaeilge ann tráth dá raibh.

  1. Doherty’s Corner (Baile na Machaire) .

  1. Donnelly’s Orchard (Baile na Machaire) .

Is é seo an tseanainm ar reilig Bhaile na Machaire. Deirtear liom go gcluintear

“it’ll not be long before I’m in Donnelly’s Orchard”

... go minic go fóill. Is é sin le rá ‘ní bheidh sé i bhfad sula mbeidh mé ar shlí na fírinne’.

  1. Mallon’s Corner (Mullach Mór) .

Coirnéal ar an bhóthar go Baile mór an Iúir atá ann,

  1. The Glenn (Mullach Mór).

Glenmore (An Ghleann Mhór) le fail ar an léarscáil. Bhí sé de nós ag mo sheánmhathair féin cuairt a thabhairt ar ‘Murphys of the Glenn’.

  1. Seven Bends/Sisters (go hoifigiúil, tá siad i Ballydulany, Cluain Dalláin).

Cé nach bhfuil sé le fail ar an léarscáil, tá an logainm seo ar eolas ag gach duine sa cheantar seo. Is éard atá i gceist na ‘seacht’ coirnéil i ndiaidh a chéile. Déanta na fírinne tá naonúr ann.

  1. Maheral (An Chabrach).

Seo an t-ainm atá air an áit ina bhfuil Eaglais Caitliceach Cabraigh anois. Níl an dabht ann gur Gaeilge atá i gceist agus gur Machaire atá i gceist sa chéad cuid de. Ní léir dom an chiall leis an dara chuid de áfach.

  1. The Boolley (Deirtear Boolye [bY;l'@] (< G. Buaile) (Carr a’ Chuilinn) .

Tá an fhuaimniú atá ar fail sa bhaile díreach mar a bhí an Ghaeilge agus is léir gur buaile atá i gceist agus tuigtear sa cheantar go raibh baint ag an cheantar seo leis an bhuachailleacht.

  1. The Burma Road ( (Slang?) (Carr a’ Chuilinn) .

  1. Mooney’s Height (Carrcullion) .

Is é sin áit a raibh teach baile na Mooneys.

  1. Lyndsey’s Bridge/Dr. Hibberts’s (Baile Uí Eacháin / Lios Uí Mhaoileagáin) .

  1. Reid Hall (Carrcullion) C.

Reid’s Hall le fáil ar an leárscáil.

  1. The Crossroads (Guthard).

  1. Biddy Doyle’s Corner (Bóthar Mhullach Garbh, Carr a’ Chuilinn) .

‘People used to gather to sing and dance at the corner’

  1. Mullagariff ( G.

Tá cuma ar an fhocal gur Mullach Garbh atá i gceist anseo ach gan aon fianaise stairiúil ní thig liom sin a chinntiú.

  1. The Rock (Liatroim) .

  1. Savage’s Bank (Baile na Machaire) .

  1. The Pound Wall (Main Street, Hilltown, Carr a’ Chuilinn) .

  1. The Red Bridge (Baile na Machaire) .

  1. The Dummy’s Pool (Eight Mile Bridge, Baile na Machaire – Carr a’ Chuilinn) .

  1. The Banks (Baile na Machaire) .

  1. Bully’s Rock (Liatroim) .

  1. Mill Race (Baile na Machaire) .

Bealach uisce saorga atá ann a bhí déanta mar chuid de mhuileann lín. Líonadh isteach é áfach agus níl sé le feiceáil ar chór ar bith anois.

  1. The Factory Lane (Main Street, Hilltown, Carr a Chuilinn) .

Tá clú agus drochcháil ar an lána seo dá bhrí gurb é seo áit a bhíonn an aos óg gach oíche Shatharn roimh an Díosca mór a bhíonn ar shiúil i Hilltown, ‘Hilltown Disco’.

  1. Slieve Muck (Sliabh Muc)

Ar ndóigh, tá Slieve Muck le feiceáil ar an léarscáil ach is fiú a lua go bhfoghraítear é mar ‘Sli’ Muc’ sa dúiche.

  1. Slieve Miskan (:Sliabh Miosgáin)

Tá an sliabh seo le fáil ar an léarscáil ach deir cuid feirmeoirí sa ceantar ‘Sli’ Miosgáin’ go fóill seachas Slieve Miskan.

  1. The Blue Row (Baile an Eanaigh) .

  1. The Danes (dá pháirc i mBaile na Machaire) .

Creidtear sa ceantar go raibh cath ann san áit seo ina raibh na lochlannaigh páirteach ann.

Tá sé spéisiúil go bhfuil an dá pháirc seo iontach gearr de bhaile fearainn Stang, agus gur focal lochlannach é sin.

Is féidir fosta áfach gur tháinig sé as an fhocal ‘daingean’ os rud é gur chailleadh ‘ng’ idir gutaí go minic i nGaeilge Oirdheisceart Uladh.

  1. Rice’s Meadow (Guthard).

  1. The Moors (Baile Uí Eacháin).

  1. Gerry’s Holla’ ((Baile Uí Eacháin).

  1. Ballacomogue (G. : Baile Chomóg)

  1. Shillin Hill (Baile na Machaire).

Is ionann 'Shillin' agus an Albainis do 'shelling'

  1. Billy Baol’s ‘Where they killed the Priest’ PS.

  1. The Laird’s .

  1. The Gravel Road .

  1. The Hollow .

  1. The Manse (Carr a’ Chuilinn) .

Teach mór atá ann i sráidbhaile Hilltown.

  1. McGill’s Corner .

Is é seo an áit a bhuaileann Bóthar Shean-Chluain Daimh le Bóthar Caisleán an Mhuilinn.

  1. The Green .

Rinneadh tagairt do ‘McGaws of the Green’.

  1. The Kist / Chist (Abhainn an Bhanna, Speilgeach, Baile an Eanaigh) .

  1. Gallagher’s Pool (Abhainn an Bhanna, Baile an Eanaigh) .

  1. Darby’s Hills .

Liosta Logainmneacha atá le fáil in Fairy Lore in the Hilltown District[i].

McGreevy’s Hill

Ballywilly (“town of the ancient tree”) (

Doras na Bruidhne (“the palace entrance”)

Carnmeen (:Carn Mín)

Rice’s Meadow (Mullaghmore?)

Glen of Mullaghmore (:Gleann Mór)

The Blue Road (“not far from Kinnahalla”)



[i] McPOLIN, F., ‘Fairy Lore in the Hilltown District’ Ulster Folklife, vol. 9 (1963) L. 80-88.