Sunday, March 18, 2012

Gaeilge Chluain Daimh : ‘o’ - /u/


Tá dhá mhion-logainm speisialta i bParóiste Chluain Daimh (bailithe agam féin más buan cruinn mo chuimhne).


Is iad Lugagour (Log an Ghabhair / Lag a’ Ghabhair) agus Lugaveagh (‘Log a’ Bheithe’?).


Léiríonn an litriú Béarla, a chum mé féin orthu, ar an ábhar nach raibh Gaeilge ag an té ar thug dom iad, gur /u/ an fhuaimniú a bhí leis an ghraiféim (grapheme) ‘o’ i nGaeilge an cheantair.


Is é sin le rá gur /luɡ/ an fhuaimniú ar ‘log’.

Friday, March 9, 2012

Trí ‘Sliabh’ na mBeann Boirche


Cosúil le Gaeilge Oirialla, is dócha gur /ʃl­ʲeuw/ /ʃl­ʲeuβʲ/ an fhuaimniú ar ‘Sliabh’ i gContae an Dúin de ghnáth ach tá fianaise ann go bhfuil dhá fhuaimniú eile ann chomh maith.


Dar ndóigh, baintear úsáid as an fhuaimniú Béarla ‘slieve’ /sli:v/ go coitianta inniu.


Tá sé suimiúil áfach go mbaintear úsáid as an fhuaimniú /ʃlʲə/ i gCluain Daimh go traidisiunta nuair atá ainm shliabh i gceist, mar shampla, deirtear Sli’ Muc.


Ach bhí / tá fuaimniú eile ann nuair atá an fhocal ‘sliabh’ mar chuid de logainm comhtháite ar nós Crotleive (Crotshliabh), Finlieve (Fionnshliabh) agus Shanslieve (Seanshliabh).


Deirtear iad go tradisiúnta mar Crotlie /crat'li:/[1], Finlie agus Shanlie.


Mar sin tá an fhuaimniú /li:/ le ‘shliabh’ sa cás sin.



[1] P135