Sunday, July 22, 2012

"Condae an Dúin" - Béarlachas?


I saol na linne seo, deir Gaeilgeoirí "Contae an Dúin", "bhí mé i gContae an Dúin", "Is as Contae an Dúin mé" agus mar sin de.


Ach arbh fhéidir gur Béarlachas é seo?


Tá rogha eile ann. 

'Na Beannaí Boirfe'


Tá leideanna in Neilson in 'An Introduction to the Irish Language' "i nDún" a dúradh go minic, gan an focal 'contae' 

Mar shampla ...


"Bhí mé i nDún"


Ach  is coitianta "Condae an Dúin" sa leabhar mar sin féin.

Lena chois sin, tá líntí suimiúla ann san amhrán  'Cailín as Contae Lú'.

"Cha rabh mo spéis ariamh in bhar nDún"


In leagan eile den amhrán, tá sampla eile ann ...


"Nuair a bhíonn fáilte sa Dún do gach uile dream"


1 comment:

  1. Leagan malartach b'fhéidir ach cén fáth gur gá gur púca an Bhéarlachais is cúis leis? Go deimhin is Gaelachas an frása 'County Down' is cosúil.

    ReplyDelete