Monday, May 30, 2011

Gnéithe de Ghaeilge Chontae an Dúin

(Aspects of County Down Irish that we can be sure of)

Thig linn a bheith cinnte gurb chanúint ‘cha’ a bhí inti. Níl aon amhras ann faoi seo cé nach bhfuil fianaise díreach scríofa againn, tá leideanna ann. Ba ‘cha’ amháin a bhí le cloisteáil sna contaetha timpeall thart air Chontae an Dúin agus timpeall thart orthusan fiú. Ar ndóigh, cha amháin atá acu i Manainn, an chead canúint eile i gcontanam na Gaeilge.



Lena chois sin, is féidir a bheith measartha cinnte gur canúint ‘feil’ a bhí inti fosta agus go raibh feil ann in áit fuil. Is é sin le rá go dúradh ‘an bhfeil’ seachas ‘an bhfuil’ agus ‘chan fheil’ seachas ‘níl’ agus ‘chan fhuil’. Níl aon fianaise díreach ann ach feil a bhí le fáil i ndeisceart Ard Mhacha, in Ó Méith agus i nGlinntí Aontroma.



Fuaimeanna



‘ch’



Cosúil le Gaedhilg Oirthear Uladh ar fad (seachas Reachlainn), bhí ‘ch’ [x] (Broad) (fricative velar), agus ‘th’, 'broad' [h] (glottal approximate), an lag ar fad sa chanúint agus is cosúil nach raibh na fuaimeanna siúd ann ar chór ar bith de ghnáth.



Th is … omitted in pronouncing many words, such as athair, father, máthair, mother, &c. in most of the counties of Ulster, and in the east of Leinster, where the words are pronounced as if written àair, màair.[1]



Ch, at the end of words, or syllables, is very weakly expressed by the natives of Ulster: ach receives no more force, than if it were written ah; and ch, before t, is quite silent in all of the country along the sea coast, from Derry to Waterford; thus bhi duine bocht, there was a poor man, is there pronounced, bhi duine bót.[2]



Seo roinnt samplaí de chailliúint ‘ch’ roimh [t] leathan i measc logainmneachaí Dheisceart an Chontae. Ballybot (Baile Bocht), Ocht Mountain (Ucht) , Letalian (Leacht Aillín) Bottier[3] (Bocht-tír).



Seo neart samplaí ag deireadh focail chomh maith. Cabra (Cabrach), Spelga (Speilgeach), Lough Shannagh (Loch Seannach) foghraithe mar ‘Loch Seanna’ inniu. Ar ndóigh, d’fhoghrófaí na foclaí seo mar a gcéanna i nGaoth Dobhair inniu. Ar ndóigh, b’ionann seo agus mar a bhí an Ghaeilge i nGaeilge Oirialla[4]. Ós rud é gur luadh an fhocal seannach, ba chóir domh a mhíniú gur leagan de sionnach atá i gceist anseo, arís, faightear eolas i logainm agus ba é seannach an fhoirm a bhí le fáil in Oirialla chomh maith.



Maidir le laghdú ch i lár fhocail, tá sampla spéisiúil ar fáil ó cheantar an Bhoirinn, Lawniskey, Tá Rev. Fr. B Treanor den bharúil gur Lochán Uisce atá i gceist agus aontaím leis sin.

'th'


Maidir le laghdú nó cailliúint ‘th’, tá fianaise breise ar fáil sna logainmneacha lena chois. Mar shamplaí - Goward (Guthard) foghraithe mar /gu:rd / ag muintir na háite sin na linne seo, Leod (Leathfhód) foghraithe mar /le:d/ anois agus Attical (Áit Tí Chathail)

Tá fianaise fosta go raibh sé mar a gcéanna nuair a bhí an consan caol mar shampla i mbaile fearainn i gCluain Daimh, Lenish (Leith-Inis) foghraithe mar /le:nis'/ inniu.










[1] ?? - caithfidh mé seo a chinntiú.





[2] Neilson l 143





[3] Iveagh L. 284





[4] Feach McKenna, M.,






No comments:

Post a Comment