Tuesday, May 24, 2011

Nótaí ar Ghaeilge Chontae an Dúin 1 - Stair agus Foinsí

Is dócha go bhfuil níos mó eolas againn fán Ghaeilge mar a labhraítear is a labhróidh i ngach aon chontae in Ultaibh seachas i bhFear Manach, ná mar atá againn fá Ghaeilge Chontae an Dúin.

Sin ráite, tá neart eolas cinnte againn agus thig linn a bheith beagnach cinnte fá go leor rudaí eile.

Cailleadh na rianta deireanacha den teanga i gContae an Dúin sna Daichidí, i bparóiste Cluain Daimh agus i bparóiste Chill Chua i ndeisceart an Chontae .

Luaigh Eymrs Evans ina leabhar, ‘Mourne Country’ a scríobh sé i 1951, an Ghaeilge thart ar Hilltown i gCluain Daimh.

The Gaelic language could still be heard in Hilltown in the late nineteenth century, and the last native speakers, as distinct from those who have learnt Gaelic in the schools, have only recently died out.

Tá neart fianaise le fáil san alt a scríobh Ciarán Ó Duibhín, 'The Irish Language in County Down'. Bhí sé seo le rá aige mar thuairim deiridh ar an ábhar:

In Clonduff…it is clear that children born before 1840 were generally raised with Irish; Irish was still quite widely used in the 1880s: fluent speakers were not hard to find in the 1890s and at least one man knowing some words of native County Down Irish was living as late as 1945.

Chomh maith leis sin, tá an ráiteas seo déanta ag Ó Mainnín:

…one is left with the impression that, of all the parishes in this part of the county, the original Irish forms of place-names lingered longest in Clonduff.

Tá Cluain Daimh suite i lár dheisceart an Dúin, ceantar mór atá inti faoi bhun na Beanna Boirche. Ar ndóigh, is Galltacht í an áit, agus cha labhraíodh an teanga I gcuimhne duine ar bith beo cé gur mhair an teanga ar feadh tamaill níos faide ná áit ar bith eile sa chontae. De réir an fhianaise, ba Ghaeltacht í an áit roimh an Ghorta mór. Cé gur cosúil nach raibh mórán duine ann gan Béarla tar éis an Ghorta, de réir cosúlachtaí labhraíodh Gaeilge go forleathan roimh 1900. Tá an cuntas seo againn ó 1880.

“There a good many Irish speaking people in the neighbourhood of Hilltown though I think nearly all of them can speak English; when, however they frequent fairs in the upper parts of county Armagh, for instance they met with people who speak English very imperfectly: and with these people the Down men converse altogether in Irish.”
A correspondent of W.H Patterson.

Ní dhearnadh mórán staidéar air cé go raibh daoine den bharúil go raibh cainteoirí dúchais ann. Is dócha go raibh sé níos furasta cainteoirí a fháil in Ó Méith nó in Ard Mhacha.

Creidtear gur scríobh Aodh Ó Greacháin nótaí ar Ghaeilge Chontae an Dúin ach faraor ní féidir an saothar sin a fháil anois cé go bhfuil ráiteas againn uaidh ag cur in iúl dúinn go an cosúlacht idir Gaeilge an Dúin agus an teanga in Ard Macha agus Ó Méith.

Judging from the remnants of Co. Down Irish which I have collected, it differed little in idiom, vocabulary, or pronunciation from Omeath Irish ...

Is mór an truaigh nach bhfuil saothar Mhic Ghreacháin le fáil ach ní fios dúinn – b’fheadfaí go bhfaighfear é go fóill?

Tá foinse eile againn mar i saothar An Urramaigh William Neilson i ‘An Introduction to the Irish Language’ má ghlactar go bhfuil an saothar bunaithe ar Ghaeilg Chontae an Dúin. Is cinnte go raibh páirt mór ag Pádraig Ó Loingsigh, fear Chontae an Dúin agus chan fheil dabht ar bith agam féin go bhfuil an saothar bunaithe den chuid is mó, ar Ghaedhilg an Chontae sin. Pé scéal é, Is cinnte gur foinse an tábhachtach é don té a bhfuil suim aige i stair Ghaedhilge Uladh.

Is féidir an rud céanna a rá faoin leabhar ‘Bolg a’ tSolair’, foilsithe ag an Northern Star agus scríofa ag Pádraig Ó Loinsigh den chuid is mó. Arís, ní féidir a bheith cinnte gur Gaeilge Chontae an Dúin atá i gceist ann i gcónaí agus is cinnte go bhfuil sé bunaithe air an chanúint sin.

Seachas na foinsí siúd áfach, tá foinse ar leith againn i logainmneacha an Chontae idir bailte fearainn, mion-logainmneachaí agus ar ndóigh tá na saibhreas ar leith againn i logainmeachaí na Beanna Boirche, nó na Beannaí Boirfe mar a déarfá.

No comments:

Post a Comment