Wednesday, April 11, 2012

Gaeilg an Dúin - ‘Oileán Partán’

Is suimiúil go bhfuil ‘Parton Island[1] ann i Loch Cuan. Oileán Partán ‘Island of the Crabs’ is bunús leis.

Seans mór mar sin go raibh an fhoirm ‘partán’ ann sa chanúint seachas ‘portán’ atá sa chaighdeán inniu[2].

Partán atá le fail i nGaeilge Mhainnín agus i nGaeilge na hAlbain.


[1] AJ Hughes and RJ Hannan, Place-Names of Northern Ireland , County Down II, The Ards, General ed. Professor Gearóid Stockman: Vol, 2 (1992) l. 22-23
[2] Ibid.

No comments:

Post a Comment