Saturday, June 16, 2012

Gaeilge Chluain Daimh, ‘abha’ - /o:/



An Abhainn Ghlas, Cluain Daimh
Léiríonn an fhianaise atá ar fáil dúinn gur /o:n/ an fuaimniú a bhí ar an fhocal ‘abhainn’ i nGaeilge Chluain Daimh.

Tá dhá shampla ar fáil ón pharóiste, ‘Ballycoshone’ / Baile Cois Abhann[1] 'townland beside a river' agus ‘Owenglass’/ An Abhainn Ghlas.

Molann Lárchanúint na Gaeilge /aunʲ/ mar fhuaimniú ar ‘abhainn’[2].

Is féidir glacadh gur /oː/ a bhí ar ‘abha’ sa dúiche seo mar sin.




[1] Ó Mainnín, M. B. Place-Names of Northern Ireland series, ed. Gerard Stockman, Institute of Irish Studies, vol. III, 1993
[2] An Foclóir Póca (An Gúm)

2 comments:

  1. Chuile sheans go bhfuil a fhios agat cheana, ach is é /o:/ an gnáthfhuaimniú ar "abha" i gcanúintí an tuaiscirt, e.g. /L'o:r/ leabhar.

    ReplyDelete