Saturday, June 16, 2012

Réamhshuirbhé ar thithíocht thraidisiúnta Chluain Daimh, cuid 3.


Teach 3.
Áit: Lag an Bheithe, Baile an Eanaigh, Cluain Daimh. 
Dáta an tSuirbhé: 4ú Nollaig 2005



  • Tá an teach marcáilte ar an léarscáil 1:25,000 de chuid an OSNI.
  • Tá dhá sheomra ann.
  • Ní raibh ann ach doras amháin.



  • Níl eolas agam go fóill faoi cé bhí ina gcónaí ann nó cá huair a thréigeadh é.


  • Tá dhá theallach ann (a) teallach mór sa cistín agus (b) ceann níos lú sa seomra leapa.



  • Tá dhá fhuinneog ar an dá thaobh den príomhdhoras agus tá dhá fhuinneog beaga ann ar an taobh chúl den teach.
  • Tá dhá fhortheach tógtha ar an dá thaobh den príomhtheach.
  • Is léir go bhfuil an teach déanta as cloch, eibhear áitiúil ach tá sé clúdaithe le dóib.


No comments:

Post a Comment